School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Cill Éinne, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 098

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 098

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne
  2. XML Page 098
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal faoi an fear bocht a fuair a sheabras
    Bhí fear bocht ann fadó, agus ní raibh aon airgead aige, agus ní raibh fhios aige cá ngabhfadh sé obair. Déirigh sé go moch ar maidin an lá seo, agus dubhairt sé leis fein go n-imtheóchadh sé amach faoi an tír ag cuartú oibre. Bhí sé ag siubhal go raibh sé turseach mar do bhí an lá an-te. Faoi dheireadh chonnaich sé fear ag marcaidheacht ar chapall ag teacht air. Déirigh a chroidhe, agus d'fiafruigh sé de'n fhear uasal an raibh i bfhad eile le dhul aige sul mar mbheadh sé in-a leitéid seo de bhaile mhór. "Ó tá sé tamhall fadá fós uait." "Ma's é do thoil é" arsa an fear uasal, "ceard é do gno ins an mbaile sin?" Tá mé ag dul ag cuartú oibre arsa an fear bocht. Is maith liom sin a cloisteál, arsa an fear uasal, "Mar tá fear ag teastáil uaim-sé." Thug an fear saidhbir an fear bocht abhaile leis, agus d'innis sé dhó nach raibh dadá le déanamh aige ar feadh an lae acht rud ar bith ar mhaith leis fhein a dhéanamh, acht go gchaithfeadh sé fanacht ag an teinidh ó'n a deic a clog san oidhche go dtí a se ar maidin. Bhí neart le n'ithe, agus le n-ól aige ar feadh an t-achair sin, agus teine bhréagh, agus neart soluis. "Tá liom" ar seisean leis fhein. "Bhí mé an-áthmáil obair chomh réidh seo a fhaghail." Do shuidh sé ar stól mór ag an teinidh. Ní raibh sé i bfhad nó gur airigh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish