School: Cill Éinne (roll number 12340)
- Location:
- Cill Éinne, Co. Galway
- Teacher: Sr. P. Ó Domhnalláin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 096
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Éinne
- XML Page 096
- XML “Scéal - An Triúr Cailíní”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lanamhain ann aon úair amháin agus bhí trúir inghean acu agus bhí siad an saidhbhir. Nuair a bhí an inghean do b'óige tuairimis scór bliadhanta bhí an máthair tuairimis 65 bliadhain. Ag an máthair i gcomhnuidhe a bhíodh an t-airgead agus ní bhíodh aon airgead ag a fear.
Istigh i mála déanta de ór a bhíodh an t-airgead aice agus nuair a bhíodh sí ag tógáil aon airgead as ghabhfad sí isteach sa seomra agus ní leigfeadh sí do aon duine í a fheicéal. Annsin nuair a bhí sí tuairimis 70 bliadhain chuaidh sí amac ag siubhlóid an lá seo agus bhí an inghean do b'oige in-éinfeacht le dubhairt sí go raibh sí fághail lag, agus nach mairfeadh sí i bhfad agus go ngabhadh sí ar an leaba agus nach n-eireochadh níos mo. D'innis sí do'n cailín an la a mbeadh sí le bas a fhághail go mbeadh sí ag feadaghail agus dubhairt sí leis an inghean a dhul siar ins an seomra agus go n-inseochadh sí di an chaoi a mbeadh sí saidhbhir. Tuairimis trí mhí in-a dhiaidh sin d'airigh sí an mháthair ag feadaghail ins an seomra(continues on next page)- Informant
- Íosaph Ó Flaithbheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cill Rónáin, Co. Galway