School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Killeany, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin

Filter stories

Back
/ 115 Forward
Resolution: Low | High
Scéal - An Triúr Cailíní

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí lanamhain ann aon úair amháin agus bhí trúir inghean acu agus bhí siad an saidhbhir. Nuair a bhí an inghean do b'óige tuairimis scór bliadhanta bhí an máthair tuairimis 65 bliadhain. Ag an máthair i gcomhnuidhe a bhíodh an t-airgead agus ní bhíodh aon airgead ag a fear.
Istigh i mála déanta de ór a bhíodh an t-airgead aice agus nuair a bhíodh sí ag tógáil aon airgead as ghabhfad sí isteach sa seomra agus ní leigfeadh sí do aon duine í a fheicéal. Annsin nuair a bhí sí tuairimis 70 bliadhain chuaidh sí amac ag siubhlóid an lá seo agus bhí an inghean do b'oige in-éinfeacht le dubhairt sí go raibh sí fághail lag, agus nach mairfeadh sí i bhfad agus go ngabhadh sí ar an leaba agus nach n-eireochadh níos mo. D'innis sí do'n cailín an la a mbeadh sí le bas a fhághail go mbeadh sí ag feadaghail agus dubhairt sí leis an inghean a dhul siar ins an seomra agus go n-inseochadh sí di an chaoi a mbeadh sí saidhbhir. Tuairimis trí mhí in-a dhiaidh sin d'airigh sí an mháthair ag feadaghail ins an seomra

(continues on next page)
Informant
Íosaph Ó Flaithbheartaigh
Relation
parent
Gender
male
Address
Kilronan, Co. Galway
Language
Irish