School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Cill Éinne, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 087

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 087

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne
  2. XML Page 087
  3. XML “Scéal - Iníon na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bí baintreach ann uair amháin agus bhí inghean amháin aicí. Ní raibh an inghean indhan tada a dhéanamh acht in-a suidhe ag an teineadh. Bhíodh dath na luaithe uirthí.
    Lá amháin bhí an mháthair ag dul amach ag obair agus chuir sí síos cáca. D'imthigh sí annsin agus nuair a tháinig sí abhaile bhí an cáca greamuighthe ins an mbácús.
    Thosaigh sí féin agus a h-inghean ag troid agus bhúail an mháthair an inghean. Thosaigh sise ag gol agus bhí mac an ríogh ag dul thart. Chúala sé ag gol í agus d'fhíafhruighthe sé dhi céard a bhí uirthí. Labhair an mháthair agus dubhairt sí "Tá sí leath-mharbhuighthe ag obair agus béigin dom í do bhúaladh as í a chur in-a suidhe síos?" Annsin d'íarr mac an ríogh ar an gcailín a theacht leis agus d'imthigheadar leobhtha go dtí teach an ríogh.
    Lá-ar-na-bháireach bhí go leór olanna le sníomh ag an gcailín seo agus cuireadh isteach i seomra mór le féin i. Ní raibh fhios ag an gcailín ce'n chaoi le olann a sníomh mar nach ndeárna sí a leithíde aríamh. Shuidh sí síos agus thosaigh sí ag caoineadh. Ba gheárr go dtáinig bean isteach sa seomra aicí. Chonnaic sí an cailín ag gol agus dubhairt sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Language
    Irish