School: Cill Éinne (roll number 12340)
- Location:
- Cill Éinne, Co. Galway
- Teacher: Sr. P. Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí ar dhuine aca agus níor fhéad sí an fhuil a bhaint dhá láimh.
Annsin nuair a tháinig an fáthach d'fiafruigh sé do'n cailín ar rinne sí a chómhairle agus dubhairt sí go rinne. Dubhairt an fáthach léithi a lámha a spáint dhó agus nuair a chonnaic an fáthach an fhuil ar lámha an chailín marbhuigh sé í le urchar. An oidhche dar gcionn chuaidh an fáthach go dtí an garraidhe céadhna agus chuaidh an darna cailín ag aithreachas. Tar-éis tamhall chonnaic an cailín an fáthach ag teacht agus bhuail sí laisg air leis an maide agus thug an fáthach leis í.
Lá-ar-na-bháireach dubhairt an fáthach go raibh sé ag dul ag fiadhach agus gan a dul in-aon seomra acht an seomra a raibh sé ag ithe ann. Dubhairt an cailín nach ngabhfhadh. Nuair a bhí an fáthach imthighthe chuartuigh sí na seomraí agus ins an seomra deireannach chonnaic sí a deirbhsiur marbh ann. Chuir sí a méar ins an bhfuil agus níor fhéad sí an fhuil a bhaint dhá láimh Nuair a tháinig an fáthach abhaile bhreathnuigh sé ar a láimh agus chonnaic sé fuil uithrí agus marbhuig sé í.
Annsin chuaidh an fáthach an triomhadh h-oidhche go dtí an garraidhe céadhna agus chuaidh an triomhadh cailín ag aithreachas. Tar-éis(continues on next page)