School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Cill Éinne, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 083

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 083

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne
  2. XML Page 083
  3. XML “Scéal - An Cailín agus an Fáthach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí triur inghean aici. Bhí garraidhe gubháisde curtha aici agus bhí duine éigin ghá goid.
    An oidhche seo dubhairt an inghean ba shine go ngabhfhadh sí ag aithreachas go mbheadh fhíos aici cé'n rud a bhí ag goid an gubháisde. Fuair sí maide agus chuaidh sí ag aithreachas. Ní raibh sí ibhfad ann no go bhfaca sí fáthach mór ag teacht agus thosuigh sé ag ithe an gubháisde. Tharraing sí laisg dé'n mhaide ar an bhfáthach agus bhuail sí é. Ní rinne an fathach tada acht an mála a bhí aige a fhosgailt agus an cailín a chath sios ann agus í a tiubhairt leis go dtí an domhan thiar. Annsin lá ar-na-bháireach dubhairt an fáthach leis an gcailín go raibh sé ag dul ag fiadhach agus gan a dhul in-aon seomra acht an seomra a bhíodh sé ag ithe ann. Dubhairt an bhean nach ngabhfhadh sí in-aon seomra acht an seomra a mbhíodh sé ag ithe ann. Nuair a bhí an fáthach imthighthe ag fiadhach chuartuigh an bhean chuile seomra idir beag agus mór. An seomra deireannach chonnaic sí go leor daoine marbh ann. Chuir sí a méar ins an bhfuil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0311: Rescue by the Sister
    Language
    Irish