School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Cill Éinne, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 071

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 071

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne
  2. XML Page 071
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean-bhean ann fadó agus sé an áit a raibh sí in-a comhnuidhe i dteachin beag dí féin. Aon trátnóna amháin d'imthigh sí léi ag siubhlóid. Tháinig an oidhche uirthí agus chuireadh amudha í agus ní raibh fios aicí cá raibh sí ag dul. Bhí fóidín mearaidhe uirthí. Bhí sí ag siubhal nó go raibh sí tuirseach agus bhí ocras uirthí. Chuile áit a raibh sí ag dul bhí sé cint uirthí é a aithneactáil. Tar-éis tamaill chonnaic sí solus agus rinne sí air agus í dteach beag a bhí sé. Bhí doras an tighe oscailte, agus isteach léi ann.
    "Go mbeannuighe Dia annseo", adeir sí.
    Ní raibh sa teach le feiceál aicí acht shean-fear a bhí aosta go máith agus ní freagair ceachtar acu í. Shuidh sí síos mar sin féin. Bhí teine mháith ann agus póta fataí bruighthe leath-taobh a' theallaigh agus póitín feola ar an taobh eile. Ní raibh sí móran achar isthigh nó gur leag an tsean-bhean bord anuas i lár an úrláir. Thógh sí pláta fataí dí féin agus do'n sean-fhear agus pláta eile le h-aghaidh an bhean siubhail agus pláta feola do gach aon duine. Shuidh an tsean-fear agus an tsean-bhean ar aon taobh amháin de'n bord agus rinne sí cómhartha do'n bean siubhal a dul ag itthe freisin. Bhí an sean-fhear in-a shuidhe ar an taobh eile de'n bord agus bhí a srón chomh fada air agus cheap sí go mbuailfeadh sé bárr a sróine uirthí ar an taobh eile. Bhí áithméala uirthí mar gheall ar an sróin a bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nuala Seóigeach
    Gender
    Female
    Informant
    Máire Ní Ghoill
    Gender
    Female
    Address
    Cill Éinne, Co. Galway