School: Cill Éinne (roll number 12340)
- Location:
- Cill Éinne, Co. Galway
- Teacher: Sr. P. Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Éinne
- XML Page 066
- XML “An Dá Mhac Déag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Aon lá amháin tar-eis an chuid eile a imtheacht ag obhair choinneac an mac bo óige bratach dhearg thuas agus tháinig brón mhór air. Nuair a tháinig an chuid eile abhaile tráthnóna d'innis sé an sgéal doibh agus dubairt siad "An chéad bhean a fheiceas muid cé bí cé i féin marbhochadh muid í" Ba inghean a rugadh doibh agus ba cailín deas í. Nuair a bhí sí ag fás súas bhiodh sí ag siubhail thart ar fud an áit gach lá. Aon lá ámhain bhí sí ag breathnugadh ar eadach á bhí i mbosca agus fúair sí dá cheann déag de leinteacha beaga ann. Thug sí anuas go dtí an mathair iad agus dubhairt sí "A mathair cheap mé nach raibh aon páiste ins an teach seo ariamh acht mise, agus cad thuige an da léine dhéag seo." Thosuigh an mathair ag gol agus b'éigean dí a innseacht dí faoí an sgeal. Dubhairt an cailín annsin "Ní ndeanfadh ithe na ól no go bfuigheadh mé amach mo dá réag deabhrathaireacha agus fanadh me in-éinfeacht lóibh. D'imthigh sí annsin agus nuair a chuala an ríog an sgéala bhí brón mhór air mar ní raibh mac na inghean aige annsin. Cuir sé mileán mór ar an mbainríogan faoí gur innis sí an sgeal dí.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Dhioráin
- Gender
- Female
- Informant
- Micheál Ó Dioráin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Éinne, Co. Galway