School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Killeany, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin

Filter stories

Back
/ 115 Forward
Resolution: Low | High
An Dá Mhac Déag

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 065

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí ríog ánn fadó agus bhí dhá mac déag aige. Níor b'ait leis an ríog é sin b'fearr leis inghean a beith aige. Dubhairt sé nuair a tiocfad an céad pháiste eile ar an saoghal dá ba ingean í bhí sé leis an clann mac a chuir cun báis acht da ba mac é beadh said slán. Nuair a cuala an bhainríoghan an sgeal tháinig brón mhór uirthi. Rinneadh dá conra déag agus socradh gach ceann acu le h-agaidh an chlánn mhac. Aon lá ámhain tháinig an-aithmhéal ar an mhathair faoí an gcleas granna a bhí siad ag dul ag imirt ar an gclann mhac. D'innis sí doibh faoí gach rud, agus dubhairt sí leobh imtheacht as an ríogacht ar fad. "Nuair a tiocfas an lá úd cuirfeadh mise suas comrtha dhíbh a clann ó", a deir an máthair. "Mas inghean a bhios an bíodh bratach dhearg shuas acht mas mach é is bratac gheal a bhíos thuas agus is feidir libh a teacht abhaile". D'imthigh an chlann mhac agus cuireadar fú an áit a raib amharc maith acú ar an gcaislán. Thosuigh siad ag obair dóibh féin annsin agus bhíodh an duine ba óige a coineál tighe dhóibh. Bhiodh siad ag faire ar an riogacht gach lá acht ní raibh aon bratach tuas aon mhaidin.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Dhioráin
Gender
female
Informant
Micheál Ó Dioráin
Gender
male
Address
Killeany, Co. Galway
Language
Irish