School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Killeany, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin

Filter stories

Back
/ 115 Forward
Resolution: Low | High
Fir Cháiliúla a Bhí in Árainn

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fir Láidre:-
Tomas Ó Luighdhe.
Is é Tomas Ó Luighdhe an fear is mó a cualadh mé trácht air idtaobh láidire. Ba é sean athair mo mathair é agus bhí se pósta trí h-uaire an uair dheireannach a phós sé bhí mo mathair ar an mbainfheis.
Bhí sé in-ndon a lán rudaí a deanam idtaobh a cuid láidire. Bhí sé in ndon sgeilp an luig a caiththe. Ní raibh aon fhear in Árainn in-don an t-amad a cuireadh an bfairrge aníos a tiubhairt ar bhárr aille com maith leis. Teigheadh sé suas ag iarraidh amuidh ag an am marbhadh d'on oidhche - agus gan duine ar bith in-einfeacht leis.
Oidhche dá ndeachfhadh sé suas leis fhéin o dheas d'on oileán ag féachaint ar chuir an bfairrge isteach aon blas fuair se séach agus i lán de copar. Cuaidh sé síos abhaile aríst agus rug sé aníos go leór cléibh agus líon sé le copar iad. Bhí sé ag tiubhairt anuas an copar ar feadh na h-oidhche agus ní raibh fhios ag aon nduine cá raibh sé. Ar maidin fuair sé bád agus cuir sé an copar isteach inntí agus cuaidh sé Gaillimhe. Ní bfuair sé ar an gcopar acht píginn an púnt.

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Dhioráin
Gender
female
Language
Irish