Scoil: Kilmore (uimhir rolla 13010)

Suíomh:
Kilmore, Co. Leitrim
Múinteoir:
Eilís, Bean Uí Cheallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0204, Leathanach 312

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0204, Leathanach 312

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilmore
  2. XML Leathanach 312
  3. XML “A Ciseán”
  4. XML “Crosóg Bhríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí Naomh Bríghid ar an saoghal seo tharla go raibh sí amuigh ag suibhal lá amháin agus ag dul thar teach dí chuala sí mar bheadh duine ag cneadghail le péin agus le anshógh. Bhuail sí isteach agus ceárd a fuair sí istigh roimpi acht fear bocht 'na aonar agus é ag fághail bháis. Chuir Naomh Bríghid cúpla ceist air féachaint arbh Chríostaidhe é agus fuair sí amach nárbh eadh acht gur págánach a bhí ann. Thosuigh sí annsin agus d'innis dí dhó faoi Dia agus an chaoi a dtaínig ár dTighearna ar an talamh seo; go bhfuair Sé bás tárnálta ar chrois tré grádh dho-san. Agus le cur i n-uíl dó cé'n sórt rud 'crois rith sí amach agus bhain sí roinnt luachra nó brobh a bhí a' fás in-aice an tighe, agus rinne sí crois as go tapaidh.
    Do réir an sgéil fuair an fear tinn grásta an Chreidimh, bhaist Bríghid é agus d'fhan sí leis a 'guidhe ar a shon nó go bhfuair sé bás i gceann cúpla uair an chluig. Do leath an sgéal sin ar fud na tíre agus tár éis bháis Bhríghde thosuigh na daone ag déanamh crosóg dé'n tsórt céadna 'na h-onóir. Thaínig an gnás anuas ó ghlúin go ghlúin dár sinnsear riamh ó shoin go dtí an lá atá indiu ann agus ba cheart dúinne leanacht de agus gan leigint dó bás d'fhághail.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    2. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    3. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
        1. accessories (~307)
    4. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Brigid (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brigid Mc Loughlin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Killadiskert, Co. Leitrim