School: Naomh Seosamh, Gaillimh (roll number 13914)
- Location:
- An Cheapach, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac an Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Seosamh, Gaillimh
- XML Page 006
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann uair amháin a dtugaidís Ceathramha na Súgáin air.”
(continued from previous page)fear an tighe agus tháinic an bás ar chuairt aige.
"Tá mise ag teacht i do choinne" ars an bás. "Bhfuil tú réidh le theacht linn"?
"Tá mé réidh", adeir an fear, acht a dtiubharfá ubhall isteach chugam as an gcrann sin amuigh. Chuaidh an bás amach agus ghreamuigh sé de'n chrann. D'Éirigh fear an tighe agus fuair a mhaide agus thosuigh ghá bhualadh le n-a mhaide.
"Leig as seo me", adubhairt an bás "agus tiubharfaidh mé cúig bliadna déag eile dhuit".
Nuair a bhí na cúig bliadna déag sin thuas, ní raibh a fhios aige cé an chaoi a bhfuigheadh sé cúig bliadna déag eile. Bhain sé dhá ghéagán de'n chrann agus chuir s'an dá ursain i ndoras an tighe iad. Nuair a tháinic an bás leag sé a dhá láimh ar dhá ursain an dorais agus ghreamuigh sé de'n doras.
D'éirigh an fear agus fuair a mhaide agus bhuail greadadh maith air.
"Leig as seo mé agus tiubraidh mé cúig bliadna déag eile dhuit" adubhairt an bás. Nuair a bhí na cúig(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- An Bhuaile Bheag Thiar, Co. Galway