School: Naomh Seosamh, Gaillimh (roll number 13914)
- Location:
- An Cheapach, Co. Galway
- Teacher: Tomás Mac an Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Seosamh, Gaillimh
- XML Page 005
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann uair amháin a dtugaidís Ceathramha na Súgáin air.”
(continued from previous page)mbeadh sé isteach dá ngnothuigheadh sé é.
Chuaidh sé go dtí an teach a raibh siad ag imirt agus ghnothuigh sé é, agus thóg sé abhaile leis é. Bhí an suipéar aca annsin agus ag an bhfear bocht agus chuaidh siad a chodladh. Nuair d'éirigh siad ar maidin dubhairt an fear bocht trí impidhe ar bith a d'iarradh sé go raibh siad le fághail aige. "Mise Naomh Pádraic" adubhairt sé.
Dubhairt an fear go raibh crainn ubhall aige ins an ngarrdha, agus nuair a bhídús aibidh nach bhfágadh na daoine ubhall aca nach ngoidfidís agus ch uile dhuine a thiocfadh dá mbaint feasta go ngreamóchaidhe de'n chrann é nó go leigfeadh sé féin as é. "Déanfaidh sin" adeir an fear bocht.
An dara impidhe - "chaon cheó a dtiocfadh sé dá imirt go ngnothóchadh sé ar a chuid cártaí é.
An tríomadh impidhe a d'iarr sé Flaitheas Dé.
Nuair a bhí na h-ubhla aibidh Tháinic daoine (duine) ghá ngaid agus ghreamuigh sé de'n chrann. D'éirigh an fear agus fuair a mhaide agus chuaidh sé amach agus thosuigh sé ghá bhualadh le n-a maide. Annsin bualadh tean(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- An Bhuaile Bheag Thiar, Co. Galway