Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- Shanballard, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean Bhaile Árd
- XML Leathanach 246
- XML “An Port Siógach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-bhean in a cómhnuidhe in áit áirithe an-fadó. Bhí a fear cáillte agus ní raibh in a comhnuidhe sa teach leithe acht mac amháin. Bhí an mac in-dhán na píopa imirt chomh maith is a bhí a athair roimhe. Do bhíodh sé ag imirt ar gach damsadh agus bain-fhéis. Tráthnóna amháin bhí sé amuigh agus na píopa leis. Tar éis tamall tháinic i ngar do lios mór agus chuala sé an ceól ba deise a chuala sé ariamh. Sheas sé faoi tor a bhí ingar do'n lios agus chuir cluais air féin leis an ceól a cloisint. Chuala sé an port 'ghá imirt go deireadh agus annsin thosuigh sé ag cumhadh dó féin é. Niorbh' fada go raibh sé i glan meabhair aige agus thosuigh 'ghá imirt ar a píopa go bog. Ach sar a raibh leath an phuirt imrighthe aige chuala sé glór daoine ag caint leis. D'feach sé i dtreó an lios agus chonnaic sé beirt bhialadóirí in a suidhe i lár an lios agus b'iad a bhí ag imirt an phort. Do labhair an beirt ag an nóiméad céadhna agus seo a dubhairt siad:- A Sheán Uí Mhurraidh stop é sin agus ná imir an phort sin go deó arís nó beidh aithméala ort go deireadh do shaogal. Do stad sé annsin agus chuaidh sé abhaile agus di'innis an sgéal dá mháthair agus thosuigh sé ag imirt an port. Acht ní raibh acht píosa beag de'n phuirt imrighthe aige nuair a thosuigh sise ag sgreadadh amach coisg a chur leis. Do stad sé agus d'iarr sé ce'n fath agus dubhairt sí gur chuala a athair an port céadna bliana roimhe sin agus é in a sheasamh faoin tor céadna in aice an lios. Thosuigh sé ag imirt an phort agus é ag teacht abhaile agus do bhailigh an sluagh sidhe in a timcheall agus thug siad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Ó Mhaoiléidigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Clooncah, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Bean Maighréad Maoiléidigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Clooncah, Co. Galway