School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 243

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 243
  3. XML “Tobar Siodháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá an tobar seo suidthe i mbaile fearann Baile Glas i bParóiste Guirtín. Tá sé suidhte in aice Poll Toirín freisin an áit in a ritheanns abhann mór faoi'n talamh. Is tobar an-mhaith é agus ní ritheann sé tirm sa samhradh cor ar bith.
    Tá cnoc beag i ngar do'n tobar ar a dtugar Cnoc Siodháin. Tá sean-sgéal imeasg na ndaoine go raibh dún nó caisleán ag na sidheóg ar an gcroc sin agus nuair a bhuaidh Clanna Mileadh sa gcath in aghaidh na De Danann d'imthigh na sidheóga a bhí sa dún seo isteach tríd an talamh sa gcnoc beag seo agus comhnuidheann siad ann fós.
    Tá bóithrín dubh timcheall an tobar agus deirtear go feictear na sidheóga ag marcuidheacht ar caiple agus iad ag rith agus ag rith timcheall an tobair. Oidhche amháin bhí fear ag dul an bealach ag imtheacht abhaile timceall dó-dhéag a chlog agus agus nuair a thainic sé i ngar do'n tobar seo chonnaic sé a lá daoine ag damhsadh timceall an cnuic beag glas. D'fan sé tamall ag féachaint ortha agus tar éis tamaill eile chonnaic sé sluagh mór caiple ag siubhal i dtreó na sidheóg agus nuair a tháiniceadar i ngar dóibh de stad siad-san leis an damhsadh. Rug gach duine aca ar capall agus chuaidh ag marcuidheacht timcheall an tobar. Faoi dheire d'imthigh an fear abhaile agus tá bóithrín dubh le fheiceál timcheall an tobair go dtí an lá indiu.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish