School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 240
  3. XML “An Gobán Saor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí saor an-cluthamhail ar fad ann fado. Dá mbeadh teach nó palás le togáil ag rí nó duine ar bith eile ‘sé an saor seo a thógadh é. Bhí a cheird chómh maith sin aige is go dtugadh an leas ainm ‘Gabán Saor’ air. Bhí rí ann san am a raibh palás le tógáil aige agus ní raibh fhios aige cé thógad dhé é. Sa deire do chuir sé fios ar an gaban saor a teacht agus an palás a thógáil dhe. Tháinic an gabán agus thug a mhac leis le cuidiughadh leis. Nuair a bhí cuid de'n pálás tógtha do tháinic an rí le'n é a fheiceál lá amháin agus nuair a tháinic sé chómh deise is a bhí sé, dubhairt sé leis féin nach mbeadh pálás mar é ag duine ar bith eile go deo. Annsin do shocruigh sé ina inntin go marbhóchadh séa an saor nuair a beadh an pálás críochnuighthe agus d'innis sé an rún d'á bhean. Tar éis tamaill d'innis an bainrioghan an rún do dhaoine eile agus faoi dheire chuala an gabán é. De chuimhnigh sé ar cleas lé'n e féin agus a mhac a saorú.
    Lá amháin nuair a tháinic an rí leis an pálás a fheiceál dubhairt an gabán leis nach bféadfad sé é a críochnughadh gan úirlis áirithe a bhí sa mbaile aige. Dubhairt an ríogh nach leigeadh sé é féin ná a mhac abhaile ar cúis ar bith acht go gcuirfead sé a mhac fhéin leis an úirlis a fhághail. Annsin de sgriobh sé teachtaireacht chun a dlighe-inghean ag súil go dtigfeadh sí go raibh sé i gcontabhairt eicínt agus seo é an rud a dubhairt sé,
    "Cam in agaidh an cam agus cóir in agaidh an cóir"
    D'imthigh mac an riogh abhaile go'n dlighe-inghean agus thug an teachtaireacht di. Nuair a leigh sí é de thuig sí go raibh a dlighe-athair agus a fear i baoghal eicínt agus do cheap sí ar cleas. Dubahirt sí leis an prionnsa go raibh an úirlis sin faoi ghlas i bosca a raibh sa gcistin acht nach bhféadfad sí é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Language
    Irish