School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 238
  3. XML “An Fathach Monabhar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Fathach Monamhar. 24-3-’38
    An fadó nuair a bhí Finn Mac Cumhal in Éirinn tháinic fathach mór darbh’ ainm Monamhar le troid leis. Connaic Finn agus a bhean é ag teacht agus bhí fhios aca céard a bhí ag teastáil dho. Bhí faircios ar bean Finn go marbóchfad an fathach Finn a fear. Do cuir sí ialach ar Finn imtheacht isteach i gcliabhán a raibh sa gcistin agus a leigint gur páistí nó leanbh a bhí ann. Rinne Finn amlaidh agus nuair a tháinic an fathach isteach d’iarr sé cé’n áit in a raibh Finn. Dubhairt an bhean leis nach raibh Finn sa mbaile agus nach raibh fhios aici cé’n t-am a thiocfad sé ar ais. Dubhairt an fathach go bhfanadh sé annsin go dtiocfadh sé ar ais agus d’iarr sé rud eicínt le n-ith dhi. Dubhairt sí go ndéanfadh sí béile dhó agus d’imthigh sé amach go mbeadh sé reidh. Fuair an bhean greideall agus rinne sí dá cáca agus do ghreamuigh sí le gach taobh de’n iarann bácáilte é. Annsin do chuir sé cois teinne é le’n é a bhácáil. Nuair a tháinic an fathach ar ais bhí an cáca bácáilte aici agus do thug sí dhó é. Nuair a mhothuigh sé an t-iarann faoi’n a fhiaclaibh dubhairt sé leis féin gur cruaidh an cáca é acht ar chaoi ar bith d’ith sé é agus nuair a bhí sé críochnuighthe bí an cuid is mó d’á fhiacla briste aige. Nuair a bhí an béile ithte aige thosuigh sé ag caint leis an páiste a bhí sa gcliabhán, mar a cheap sé, agus do cuir a mhéar i ngar le béal an pháistí. Do bhain an pháiste an mhéar dhe le’n a fhiacla agus dubhairt an fathach leis féin nach iongnad go bhféadfad na páistí méaranna a bhaint le’n a fhiacla nuair a nithtear arán chomh cruaidh sa tír. D’fan sé tamaill eile ag caint agus annsin chuaidh sé amach ag suibhal leis an tír a fheiceál. Nuair a chonnaic an bhean ag dul amach é fuair sí sleagh – bodha agus do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish