School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 341 Forward
Resolution: Low | High

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 235

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

go teach ag iarraidh airgid.


Dómhnac Súil Dé:
Tá ainm ar leith ag na ndaoine ar an Domnach roimh Céadaoin an Luaithridh. 'Sé Domhnach Súil Dé é agus sé an fáth go dtugtar an t-ainm seo air mar bíonn na daoine nach bhfuil pósta fós ag súil go mbeidh siad pósta sar a thigeas Céádaoin an Luaithridh mar ní bhíonn an Inid thart go Oidhche Máirt na h-Inide. Is iomhdha cleamhnais a déantar ar feadh na h-ama seo freisin.

Dómhnach na Cailce;
'Sé seo an Domhnach a leanas Céadaoin an Luaithridh. Ar feadh an seachtmhaine roimh an Domnach seo bíonn na páistí sgoile ag goid cailc ó'n sgoil i ngan fhios do n h-oide agus ar an lá seo mairceann siad na daoine nach bfhuil pósta fós leis an gcailc.

Dómhnach na Cásga:
Coinnightear an Dómhnach seo le onóir a thabhairt d'eiséirighe ar dTighearna. Má éirigheann duine go luath ar an maidin seo cífeadh sé gaethe na gréine ag damhsadh ar an mballa, ar an urlár, nó ar an talamh. Ní bíonn sé ag báisteach go luath i rith am éirighe na gréine an maidin seo. Is gnáthach de dhaoine éirighe go luath an maidin leis an grian a fheiceál ag damhsadh. Tá sean nós imeasg na ndaoine mórán uibeacha ith an lá seo.

Lá Fhéile Brighde:
Coinnightear an lá seo le onóir a thabhairt de Naomh Brighid. Tuiteann sé ar an t-aonadh lá-dhéág- fichead de mhí an Eanair. Tá sean nós imeasg na ndaoine an clucihe seo imirt ar an oidhche seo. Teigheann na buachaillí agus na cailíní timcheall na h-aite seo agus éadaigh bréige ortha agus iad ag iomchur bábóg bréige agus bailigheann siad airgead lé'n í a chur. Tá sean nós eile immeasg na ndaoine san tuaithe. Gnítear

(continues on next page)
Language
Irish