School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 234

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 234

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 234
  3. XML “Féile na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo iad féile na bliana a leanas:-
    Lá 'le Brighde, La 'le Pádraig, An Inid, Máirt na h-'Inide,
    An Carghas, Céadaoin an Luaithridh, Domhnach na cailce,
    Domhnach súl Dé, Diardaoin na Camaoine, Aoine an céasta,
    Domhnach na Cingcíse, Luan na Cingise, Lá Cuirp Críost,
    Lá na n-amadán, lá Bealtaine, Seana-Bealtaine,
    Féile Naomh Éoin, Lá 'le Peadar, agus Pól,
    Lá 'le Mhuire bhFóghmhar, Féile Mhicil, Oidhche Samhna,
    Lá fhéile Stiophán, Oidhche Nodlag, Lá Nodlag,
    Oidhche chinn bliana, lá coille, Nodlag bheag, Nodlaig na mban

    An Inid:
    Leanann an tráth seo ó'n dá lá dhéag go dtí Ceadaoin an luaithridh. I rith na h-ama seo déantar a lán cleamhnais imeasg muintear na tuaithe agus póstar a lán daoine ag an am freisin.

    Máirt na h-Inide:
    Seo é an lá deire na h-inide. Gníonn na cailíní agus bean an tighe cáca an oidhche seo agus cuireann siad fáinne ann agus an té a gheobhfas an fáinne 'se is túisge a pósfas.

    Lá Fhéile Stiopháin:
    Is lá mór é sin in Éirinn go mór mhór imeasg na bpáistí. Tuiteann sé ar an séamhadh lá fhiched de mhí na Nodlag. Marbhuigheann na daoine óga dreóilín agus crochann siad ar bhárr bata é agus cuireann siad eidheann agus cuilinn ar a mhaide lé'n é a mhaisiú. Téigheann siad in a mbeirt nó in a dtriúr ag bailuighadh airgid agus leigeann siad go dteastuigheann an t-airgid uatha leis an dreóilín a chur. Teigheann siad ó theach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish