School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 230

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 230
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo iad na h-ainmhidhte fiadháin atá in a gcomhnuidhe timhcheall na h-áite seo. An sionnach, an broc, coinín, girrifadh, dóbharchú, easóg, iorraidh ruadh, luch agus frannchach.

    An Sionnach
    Is mór an rógaire an ainmhidhthe seo. Gníonn sé a lán dioghbháil sa gceanntar seo. Tagann sé timhcheall na tighthe san oidhche agus marbhuigheann cearcaí, lachain, geabha, agus sicíní agus tugann sé abhaile go dtí a pluais iad agus itheann sé iad. Comhnuidheann a lán sionnaigh - timcheall na h-áite seo. Gníonn siad pluaiseanna in áiteacha uaigneach ins na coillte, agus ins na portacha. Is ainmhidhe an glic é. Fanann sé in a bpluais sa lá acht tagann sé amach san oidhche agus's annsin a gníonn sé an dioghbháil. Tá fear in a chómhnuidhe san áit seo agus maidin amháin chuaidh sé amach go'n cró cearc agus fuair sé sionnach in a luighe taobh istigh de'n doras agus cosamhaileacht bás air. Chuaidh sé isteach ann agus do tharraing sé taobh amuigh de'n doras é agus chuaidh sé ar ais do'n teach le gunna fhágháil acht nuair tháinic sé amach bhí an sionnach imthighthe.

    An Broc
    Gníonn an ainmhidhe seo pluais dhó féin ins na coilltibh agus ins na páirceannaibh. Ní'l siad flúirseach timcheall na h-áite. Maireann sé ina bpluais i rith an lae agus tagann sé amach san oidhche le biadh fhágháil. Tá cosamhaileacht mada agus muc air agus tá dath liath air freisin. Codalann sé i rith an gheimhridh agus sabháileann sé féar san samhraidh agus tógann sé isteach in a bpluais leis é. Is ainmidhe an-crosta é má castar leis san oidhche nó nuair a gortuightear é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Folktales index
    AT0033: The Fox Plays Dead and is Thrown out of the Pit and Escapes
    Language
    Irish