School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 228

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 228

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 228
  3. XML “Cluiche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    An sionnach agus na sicíní; Bíonn an-spóirt ag na páistí ag an cluiche seo. Gníonn na páistí líne fada, beireann dúine amháin greim ar cúl an duine os a cómhair agus seasann duine amháin mar "máthar" ar ceann an líne. Tugtar sicíní ar na páistí a bhíos ar cúl an mháthair agus seasann duine eile o's cómhair an máthair mar "sionnach. Ritheann an sionnach annso a's annsúd ag iarraidh breith ar na sicíní agus gníonn an máthar iarracht iad a shábhail. Nuair a beireann an sionnach ar na sicíní marbhuigheann sé iad agus tugann sé abhaile leis iad.
    he, la, luke; so é a caoi a n-imrightear an cluiche seo; gníonn na páistí líne fada ceann in dhiaidh ceann agus seasann duine amháin i gceannas ortha. Annsin beireann beirt eile lámha a chéile agus socruigheann siad ar dá rudaí a bfearr dóibh agus annsin tógann siad a lámha aníos agus bíonn spás mór faoi'n a lámha annsin. Gluaiseann na páistí eile isteach tríd an spás agus abrann an beirt eile an rann a leanas; he la luke agus he la Seán téirigh gach duine ach an duine deire amach. Nuair a bhíos siad uile go léir acht an cean deire imtighthe amach tríd an spás abrann an beirt eile leis cé aca de na rudaí a bfearr leis. Beireann sé greim ar cúl an duine a bhfuil an rud a bfearr leis aige, agus leanann an cluiche mar sin go mbíonn gach duine de na dalltaí í líne fada ar cúl a dtaoisigh féin. Annsin tarraingheann an dá dream in agaidh a chéile agus bíonn an buaidh ag an dream a tharraingeanns an dream eile an méid is fuide o'n a dtalamh féin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish