School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 220

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 220

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 220
  3. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní mar a síltear bítear
    Ní h-eadh lá na gaoithe lá na sgollap
    Bíonn an fhírinne searbh go minic
    Is glas iad na cnuic i bhfad uainn
    Ní i ló a déantar na caisleáin

    Ceapann an máthar gur é a mhac féin an mac is deise sa domhan

    Is fiú éan amháin in do lámh ná dá ceann aca ins an sgeich

    Fan le cóir is gheobhfaidh tú cóir
    Níl lá dá fhad nach dtagann an tráthnóna
    An rud is goire do'n croidhe 'sé is goire do'n bhéal
    Is fada an bóthair nach bhfui casadh ann

    Tiocfaidh an lá fós a mbeidh gnó ag an bó d'á iarball.

    Tuigeann Tadg Taidhgín ach ní thuigeann Taidhgín tada

    Nuair is mó an greann is fearr eirigh as

    Is fearr cómhairle le ceannacht ná dá cómhairle in aisge

    Is capall maith é an capall a tharraingeanns a cháirt féin

    Nuair tá an t-ól istigh tá an ciall amuigh
    Is olc an cearc é nach sgríobhann dí féin
    Níl olc i dtír nach fearrde é dhuine eicínt
    Is minic a bathadh long lámh le cuan

    An rud a théigheann i bhfad téigheann sé chun síneadh

    Is fearr teach beag agus bainne gabhair ná teach mór ar beagán bidh

    Nuair a stopanns an síol stopann an fuirse
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish