Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)

Suíomh:
Shanballard, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 217

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 217

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean Bhaile Árd
  2. XML Leathanach 217
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá trí tobracha beannuighthe i mo cheanntar féin: Tobar Eiscir atá suidhte i mbaile fearann Eiscir i bparáiste Cill Tullach; Tobar Naomh Cearbhall atá suidhte i bpáirc Uí Bhreannaigh i mbaile fearann Gort na Lon i bparáiste Guirtín; Tobar Naomh Mhaoil atá suidhte i bpáirc MacUidhir i mbaile fearann Ceann Riasc i bparáiste Baile Mac an Bháird.

    (A) TOBAR EISCIR
    Nuair a bhí saighdiúirí Crommhaill i n- Éirinn bhí mainistear mór i mBaile Ath an Riogh agus nuair a tháinic na saighdiúirí go dtí an baile sin b'éigin de na manaigh a theicheadh as an mainistear agud d'imtigh siad treasna an phortaigh go áit ar a dtugtar Eiscir. Nuair tháinic siad go dtí an áit ní raibh biadh ná deoch uisge aca agus thosuigh siad ag guidhe Dé uisge a chur chucha. Ag an nóiméad sin thosuigh uisge ag teacht aníos as an talamh agus d'ól na manaigh a saith dhe. Do chuir na manaig futha annsan san áit agus d'fhás baile fearann timcheall an mhainistear.
    Ar an séamhadh lá de mhí Eanair bíonn pátrún chuig an tobar agus tógann a lán daoine an t-uisge abhaile leobhtha. Deireann daoine go mbíonn an t-uisge ag teácht aníos as an talamh agus é ar fiuchadh maidin Lá Fhéile Naomh Prionnsuis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge