School: Sean Bhaile Árd (roll number 14663)

Location:
Shanballard, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0083, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean Bhaile Árd
  2. XML Page 206
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit ar a dtugtar Croc-a-thochaill i bParáiste Caisleán Nua. Deirtear go mbíonn amharc aisteach le feiceál ann gach oidhche timcheall dó dhéag a chlog. Chonnaic a lán daoine é agus chonnaic an fear a d'innis an sgéal seo dhom é. Bhí sé féin agus cúpla fir eile ag teacht abhaile oidhche amháin. Do chaitheadar an oidhche roimhe sin ag imirt cártaí agus bhí sé timcheall trí a chlog ar maidin nuair a bhí siad ag teacht abhaile. Nuair a tháinic siad i ngar do Chroc-a-thochaill chonnaic siad an amharc is aistighthe a chonnauceadar ina saoghal ariamh. Ins an bpáirc atá leath-taobh an bhóthair chonnaiceadar sluagh mór cait agus iad ag rith go tapaidh cosamhail le capaill ag sodair. Do sheas siad ar an mbóthar agus niorbh'fhéidir leo foacl a radh acht ag féachaint ar na cait ag teacht. Nuair a tháinic na cait go dtí an balla a bhí ar taobh an bhóthair d'eirigh siad san aer agus leigeadar uile go léar "me-ow" brónach fada agus tháinic ar thalamh arís san bpáirc a bhí ar thaobh eile an bhóthair. Nuair a tháiniceadar ar thalamh thosuigheadar ag rith ceann in dhiaidh ceann go dtí tobar beag a raibh istigh san bpáirc. Nuair a tháiniceadar go dtí an tobar thosuigheadar in a thimcheall agus d'fan siad ag rith agus ag rith agus faoi dheire d'imthigh na fir ar a mbealach abhaile agus eagla mór ar fach duine aca. Deireann na daoine timcheall na h-áite go gcasann trí feilme móra ag an tobar agus gur dhubhairt gach feilméar gur leis féin an tobar agus bhí troid eatorra. Thug duine aca airm mór leis agus nuair a bhí sé ag siubhal ar Croc-a thochaill do chuir draoidh eicínt a bhí in a chomhnuidhe san áit
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish