Scoil: Cromghlinn (C) (uimhir rolla 15411)
- Suíomh:
- Crumlin, Co. Galway
- Múinteoir: Cáit Ní Óbáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (C)
- XML Leathanach 301
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ScéalBhí lios mór i gCill Sceach aon uair amháin agus bhí go leor crann ag fás ann. Bhí tobar uisge taobh thiar de. Bhí beirt dearbhrathair ag taisteal an bóthar lá agus theastuigh uatha ce's fuide a thaganns an fírinne nó an bréag agus d'fhágadar an breitheamhnas ar an gcéad fear a casadh leo. Ní fada a raibh siad ar siubhal nó gur casadh fear leo agus d'fhiafruigh ceann acu de "Cé thaganns is fuide an fhírinne nó an bréag?" Deir an fear a casadh leo go seasuigheann an fírinne agus go n-imthigheann an bréag.
Bhain ceann de na dearbhrathair an dá shúil as an dearbhrathar eile agus chuir sé an dearbhrathar ar bhain sé an dá shúil as isteach ins an lios i measg na gcrann agus tháinig sé fhéin abhaile. Bhí sé annsin ar feadh an lae go dtáinig an oidhche. Bhí cainnt ag gach uile nidh an uair sin agus tháinig na cait go dtí an lios ag innsint scéalta.
An cat ba sine a thosuigh ag innsint i dtosach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhaoithe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kilskeagh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Faoithe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Kilskeagh, Co. Galway