School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 222
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do bhiodh ins na tighthibh agus do bhí ann, teintean i lár ann treas-bhalla idir an cistinighe agus an seomra codhlata. As slataí as dób buidhe no muirteal a rinneadh an t-simhne. Bhiodh cliathacha no cláracha i gcuid aca. Níl aon eolas ag na sean-daoinigh go raibh an teine i lár an urlár i dtigh ar bith.
    Doras amháin do bhiodh ins an cuid is mo des na tighthibh. Do bhiodh an doras sin san gcistinigh in aice le binn an tighe. Do dunadhís an doras le maide éamon. Dó bhí leath-doras aca freisin cun an cearca a coingbhéal as an tigh sa ló.
    Dhá fhuinneóig a bhiodh in gach tigh beagnach, agus ba mhinic iad ar cúl an tíghe. Bhidís an-bheag, b'féidir go mbeadh cearc inn ann, dul amach trid ceann agus ní móide. Má bhí gloine ins an bhfuinneoig, ba mhinic a bféidir i a fhoscailt mar doras chun na cearca a leigint amach agus isteach.
    Marla bán no dób buidhe a bhiodh mar mianach san urlar agus bhiodh leacacha móra san teaglach. Móin no sgrathacha a dóigtí san teine. Sguilbh guimhaise a bhiodh aca mar solas i dtosa[ch.]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Laithmhe
    Gender
    Male
    Address
    Crumlin, Co. Galway