School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 219

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 219

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 219
  3. XML “Díol agus Ceannacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San t-shean-aimsir ní raibh go leor siopa san gceanntar seo, agus níl ann acht cupla chinn fé láthair. Fadó ní morán earraidhe a bhí ag teasdáil ó muinntir na h-aite seo. Do ceannochaidís rudaí ag an margad, i DTuaim no í nGaillimh. Do bhíodh ceannuidhthe ag dul tart ar fud na tíre agus bhiodh go leor rudaí ar díol aca. Ní raibh airgead go fairsing.
    Do thagadh fígheadóirí chun na tíghthib agus do sníomhaidís bréidin agus anairt caol. Bhiodh túirne beagnach í ngach tigh agus do sníomhadh bean an tighe snáth ó'n olann. Do dheanaidís léinteacha ins na tighthibh freisin, agus tá siad in ann iad a dheanamh fós. Do bhíodh a ndóthain min coirce agus plúr aca féin. Bhíodh muilne coirce agus muilne pluir san gceanntar. Tá na fóthraca le feiceál fós. Do biodh muilean coirce i GCeathramhad na Riabach agus ceann eile tíos i MBéal-Átha Glúinín. Do mhalairtídis earraidhe freisin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Padhraic Ó Laithmhe
    Gender
    Male
    Address
    Crumlin, Co. Galway