School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 217
  3. XML “Seancheirdanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo iad na ceardanna a cleacttaí san áit seo fadó, deanamh coinle, deanam cisean, sghíob agus cliabhán, tuigheadoireacht, doghadh aoil, deanan fuipeanna, agus fighe. Bíonn an cuid is mo des na ceardannaibh seo 'ghá cleachtadh san ait seo fós.
    B'é an chaoi a dhéanaidís choinleacha fadó, do chuiridís broibheanna móra laidre i ngeir ar fead cupla lá. Do thógaidís as iad annsin agus nuair a beidís tirim bheadh siad in ann iad do lasadh. Timcealls sgór bliadhan o soin freisin bhíodh beirt no triúir fear san gceanntar seo, agus b'é an ceard a bhí aca deanamh cisean, sgiob agus cliabhán. Tá an ceard sin, fe láthair ag Pádhraic Ó'Coinnín as Cill-sgeachach, agus ag Pádhraic Ó'Colmain as Cruim-Ghlinn.
    Bíonn tuigeadoireacht 'gha cleachtadh san áit fós. Tá an ceard ag Stiophán Mac Giollarnath as Cruim-Glinn, ag Uilic Mac Aodhagáin as Cluain na bhadóg, agus ag Domhnal Ó'Cátháin as Baile na Móna. Bhíodh fuipeanna 'gá deanamh ag "Johnny Watts as Curacht Feirín, act níl an cheard 'ga cleachtadh aige anois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Mainín
    Gender
    Male
    Address
    Carrowreagh East, Co. Galway