School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 215
  3. XML “Éanlaith na Feilme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cearca, eiróga, sicíní, lachain, géana, gaislíní, francaigh, againn sa mbaile. Tá ceithre scóir cearca againn. Tugann muid coirce agus fataí agus min bhuidhe mar bíadh dhóibh. San Earrach núair a bhíonns na cearcha ag gur cuireann mo mháthar ál síos faoí circ. Nuair a bhíonns síad trí seachtmhaine thíos tagann na sicíní amach. Bíonn síad ann lag ar dtús. Chun glaodhach ar an cearcaibh deirtear "tioc," "tioc," agus "dis," "dis," a deirtear le na sicíní.
    Ní maith le na daoinibh an coileach a cloisteál ag glaodhach go mall sa trathnóna nó go lúath san oidhche; creidtear gur fógra an bháis é. Ní maith an comhartha ar chor ar bith cearc a chloisteál ag glaodhach mar coilleach. Is comhartha mhi-adhaidh an-mhóir é mar deirtear i mbéarla:-
    "A whistle from a woman,
    Or a crow from a hen,
    Would awaken the devil,
    Out of his den."
    Má bhíonns cearc ag tarraing toinlín tuigh in a dhiaidh, deirtear go bhfuil sí ag iomchur conra duine eicínt agus gur comhartha é go bhfuil an bás in ndan do duine sa gcómharsanacht.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál C. de Búrca
    Gender
    Male
    Address
    Crumlin, Co. Galway