School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 206
  3. XML “Féilí na Bliana - La Fhéile Stiofáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Lá 'le Stiopháin

    Micheál C. De Búrca as Cruim-ghlinn, do sgriobh (aois 13)

    Lá ‘le Stiophán teigheann na daoine fásta ar cúairt. Teigheann na búachaillí thart leis an dreóilín agus bhíonn rann gá casadh acu. Bíonn an boiscín gléasta go deas le eidheann agus ribíní. Seo é an rann a bhíonns aca.

    ‘Dreolín, Dreoilín rí na n-éan,
    Is mór é a mhuirín agus is beag é fhéin,
    Lá Stiophán gabhadh é
    Súas leis an citeal agus síos leis an bpan
    Eirigh súas bean an tighe
    Beir ar sgéin na cosa buidhe
    Tabhair duinn píghin nó dá phíghin a cuirfheas é’

    Bíonn an dreoilín beó ag go leór búachaillí. Cuireann síad isteach i lampa cár é. Geobhfhann síad seo níos mó airgead ná na buachaillí a mbíonn sé marbh aca.
    Baluigheann siad airgead uibheacha agus arán. Bíonn síad amach ó mhaidin go hoídhche. Bíonn na búachaillí móra ag dul ó theach go teach an lá sin freisin. Bíonn gléas ceól acu agus damhsuigheann síad dreas i ngach tígh. Bíonn sean éadaigh orra. ‘Mummers’ a thugann na daoine orra.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Stephen (~402)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál C. de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Crumlin, Co. Galway