School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (B)
- XML Page 197
- XML “An Gabha agus an Cheárta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leobh seo a bhionns ag fanacht. Deich mbliadhna ó shoin bhí ceardcha ag Séamuisín Ó Bána, in aice an droichid atá treasna an bhóthair iarrain i gCruim-ghlinn. D'eirigh Séamuisín saidhbhir, fuair sé gabhaltas maith talmhan agus thug sé suas an gaibhneacht.
Bhí sean-cheardcha eile i Lárach Mór tá sé leith-chéad bliadhan o shoin, duine de muinntir Sheoghach a bhí in a gabha ann. Tá an ceardcha leagtha le fada acht ta gort annsin agus 'sé an t-ainm atá air "Gort na Ceardchan".
Bionn árd-mheas ag muinntir na h-áite ar an ngabha. Má bhionns capall tinn ag aon duine cuirtear fios chun an gabha, mar ceapann siad go bhfuil eolas ag an ngabha ar gach a bhaineann le capall. Má bhionns bainis sa gceanntar, fághann an gabha cuireadh i gcomhnuidhe.- Collector
- Pádraic Ó Laithmhe
- Gender
- Male
- Age
- 11
- Address
- Crumlin, Co. Galway