School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 185

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 185

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 185
  3. XML “Toibreacha Beannaithe - Tobar Naoimh Bearnáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ithe agus ag ól, ag ceol agus ag damhsa. Do bhiodh chuile short idir biadh agus deoch le ceannacht ann, píobairí agus ceolteoraí as gach árd ag piobaireacht agus ag seinm ceoil ann, bacaigh agus lucht iarachta na déirce cruinnighthe ann. Bionn daoine ag tabhairt thuras ann fós acht ní bhíonn acht cúpla cead ann, agus ní fhanann siad ar bharr an chnuic acht tamall beag.
    Má bhionns duine nó paisde tinn agus má fhághann sé biseach, gealltar turas go Tobar Bearnáin, ar a shon. Teightear thart timcheall an tobair seacht n-uaire ar glúnaibh no cúig uaire deag ar siubhal, agus ar feadh an ama sin abruigheann siad an Paidrín Páirteach ó thús deireadh. Ceannuightear cupán den uisge agus óltar é, agus tugtar buidéal de abhaile. Tá leigheas ann do go leor thinnis, agus aichidí, agus galair.
    Tá fear beo san bparáiste seo a leighiseadh ann. Bí sé caoch agus é in a ogánach. Chaith se an oidhche roimh Lá Bearnáin ag an dtobar agus ar maidon, d'iompuigh sé thoir, agus chonnaice sé an ghrian ag eirigh. Chaith sé gach Lá Bearnáin o shoin ag an dtobar.
    Ní raibh an tobar gan uisge le cuimhneamh an duine is sine san áit. Creidtear nach feidir an t-uisge atá ann a fhiuchadh, acht tá faitchios ar na daoine iarracht a thabhairt chun é sin a dheanamh.
    Tá go leor paidrín agus buinn beannuighthe, agus rudai mar sin, a dfhág daoine a thug turas, crochta ar an mballa atá thart timcheall an tobair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    Crumlin, Co. Galway