School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 160

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 160

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 160
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    (26) Ná leig do rún le bun an claidhe go seasfaidh tú ar a bhárr

    (27) Is fearr breac sa bpota na bradán san abhainn
    (28) Fear gan plan, ní bhfuigheadh sé bean
    (29) Umhan ná taoile ní fhanfaidh le aoine

    (30) An duine nach n-ólann acht uisge, ní bhionn se ar meisge

    (31) Is maith an bádóir, an té atá ar an talamh
    (32) Díthchéille an rud do bhain ná mearacha de Murchadha
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (33) An té nach bhfuighfidh an feoil, is mór is fiú an t-anbhruith

    (34) Is iomda cor a chuireanns lá Earraigh de

    (35) An té a dteigheann cáll moch-eirighthe amach air, ní mhisde dó codladh go tratnóna

    (36) Ab té nach gcuireann san Earrach, ni bhainfidh sé san bhFóghmhair

    (37) Ba minic comhairle maith ag amadán
    (38) Múin do'd mháthair le leite a deanamh
    (39) Nuair is fearr an greann, 'seadh is fearr leigint dó
    (40) Bionn an fhirinne searbh go minic
    (41) Ní creidtear an fhirinne o'n duine bréagach
    (42) Deanann spallai ballai chomh maith le clocha móra
    (43) Fághann an bhó bás mura mbionn féar ag fás
    (44) Buail an bóthair agus bain torann as
    (45) Ní maith an fear a bhionns an iomarca cabhailíní air

    (46) Is maith an cat a mharbhuigheanns a chuid feola fhéin

    (47) Níl aon capall mar do chapall fhéin
    (48) Is maith an fear a deananns a chuid oibre fhéin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Mac Iogo
    Gender
    Male