School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dhinnéar d'fíafruigh sé cá raibh an dhinnéar. D'innis a bhean an sgéal dó. Níor dhúbhairt sé focal acht arsa sé leis fhéin "Is mairg bheith pósta ag óinseach.
Bhí go leór airgid ag Dómhnall agus bhí faitchíos air go gcuirfeadh sí amú é. Shocruigh sé go gcuirfeadh sé i bhfolach é. Dúbhairt sé leithí go gcaithfeadh sé é a chuir i bhfolach san gáirdín acht dúbhairt sé leithí gan lámh a chur air. Gheall sí dó nach gcorróchadh sí é. An lá in a dhiaidh sin núair a bhí Dómhnall imthighthe amach ag obair tháinig teincéaraí chun an teach. Bhí soithigh deasa lé díol acú agus bhí síad ag íarraidh ar Dionnóg íad a cheannacht. Bhí na soithigh ag teasteál ó Dionnóg acht ní raibh pinghinn sa teach aicí lé íoc ortha. Dúbhairt sí leó go raibh airgid i bhfolach sa gairdín agus theasbeán sí an áit dóibh. Núair chonnaic síad an méid airgid a bhí ann thug síad na soithigh do Dhionnóg(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Glinn
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Abbert, Co. Galway