School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Gáirdín na BrideógaBí duine uasail fadó agus fadó bhí, agus bhí triúr mac aige. Bhúaileadh an t-athair súas tinn agus ní raibh inann é a leigheas acht trí úbhla amach as gáirdín na brídeóga. Dúbhairt an mac is sine an lá seó raghaimíd ar maidin amáireach síos chuig na trí bóithre atá annsin shíos go bfhághaimídh amach gáirdín na brídeóga. Dúbhairt an mac is óige leis an mac is sine; "Faoí ceann lá agus blíadhain ó'n lá indhiú an triúr againn teacht lé chéile annseó arís. Thóg an triúr acú bóthar an duine anois. D'imthigh an lead is óige agus bhí sé ag imteach [!] agus ag síor-imtheacht gur bhain an oidhche an lá dhe. Chonnaic sé solus uaidh istigh i gcoill agus rinne sé air. Bhí sean-bhean chríona annsin roimhe i mbóthainín beag agus d'íarr sé lóisdín go maidin "Béarfaidh mise sin duit agus fáilte" a deir sí, "acht bhfuil dochair íarraidh ort cá bhfuil tú a' dhul. "Bfell níl" a deir sé. "Tá mo athair búailte súas agus níl leigheas air go bfághfhadh sé trí úbhla amach as gáirdín na brídeóga. "Bhfell níl(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Catháin
- Gender
- Male
- Address
- Lissaniska, Co. Galway