School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua (C)
- XML Page 114
- XML “Scéal - An tSeanbhean nach Raibh aici ach an tAon Phaidir Amháin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéul
An t-sean-bhean nach raibh aicí acht an t-aon paidir amháinBíodh an t-sean-bhean seó ag imtheacht roimpí ag íarraidh déirce. 'Se a n-abruiodh sí de phaidreóireacht aon phaidir geárr amháin ach deireadh sí é sin go minic - "An t-Athair agus an Mac agus an Spioraid Naomh go mo chúdach ó indhiú go dtí blian ó indhiú"
Casadh isteach i dteach í oidhche agus d'íarr sí lóisdín go maidin ann. Fúair sin agus chuaidh sí a chodhladh i seomra a bhí ann. 'Séard a bhí ann teach ruballachaí - triúr mac a bhí ann agus an t-athair. Bhí an tathair i gcómhnuidhe a guidhe Dé teasbáint éign a thabhairt dóibhtha a chuirfheadh ar bealach a leasa íad.
Shocruigh an triúr mac anois go marbhóchadh síad an t-sean-bhean núair a gheobhfaidís ina codhladh í. Síar lé duine acú go doras an-t-seomra agus d'féach sé isteach trí pholl an ghlais. Céard dfeicfeidh sé ach gárda, gunna ina láimh aige agus é gléasta i gculaith geall, a' siúbhal súas agus anúas lé taobh an leapth[a.] D'innis sé é leis an driothár eile. Déach [> Dféach] an(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Sionnaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Feagh West, Co. Galway