School: Baile Nua (C) (roll number 16803)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (C)
  2. XML Page 111
  3. XML “An Tailliúir agus an Páiste Sí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Tailliúr agus an Páiste Sidhe.
    Tháinig tailliúr ag teach oidhche agus bhúail sé ar an doras. Ní fúair sé aon fhreagra. D'osgail sé an doras agus shiubhal sé isteach. Ní raibh roimhe istigh acht páiste a bhí sa gcliabhán agus chuir an paíste fáilte roimhe ina ainm agus a shloinneadh. Núair d'fiafruigh an tailliúr dhe cé an caoi ar chuir sé aithne ar fhéin agus gan é a fheiceál aríamh roimhe sin. Dubhairt an páiste leis go bhfacha sé a damhsa i gCnoc Magha é agus gurab é fhéin a bhí ag seinnim dó d'íarr an tailliúr air port a sheinnt anois dhó. Tharraing an páiste a chuid píobaí ceoil chuige agus thosuigh air a sheinnimh. Thosuigh an tailliúr ag damhsadh. D'fiafruigh an táilliúr anois dhe cé'n caoi dtáinic sé sa teach seo agus dinnis an páiste dó gur tugadh an paíste a bhí ann as, agus gur tháinic sé feín annsó "leis an gcroidhe a dhiúl as a mháthair agus gur gearr gur mbeadh sé féin sguábtha aca. Acht chuir an sídheóg párúl air gan dada a leigint ar féin leis an mhnaoí núair a thiocfadh sí isteach. Dúbhairt an tailliúr leis nach leigfeadh, acht choinnigh sé ar cheal é gur shiúbhal an mháthair isteach. Dúbhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish