School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé a gath tríd a bhéal. Bhí sé í gcruaidh chás annsin lé pían a bhéil, agus chúaidh sé isteach í dteach a bhí ar thaobh an bhóthair. D'íarr sé lóisdín na h-oidhche ó bean an tighe. Thug an bhean dó é, agus chúaidh sé a chodladh [< codladh]. Lean an sagart é í ngan fhios dó, agus chúaidh sé isteach chuig an teach sin D'íarr sé ar bean an tighe "ar tháinig aon fhear isteach ag iarraidh lóisdín uait". Tháinig ars an bhean, acht tá sé in a chodladh anois. "Téigh isteach sa seómra anois, agus féach air". "Ó; Ó, ars an bhean tá an seómra láb de Dhearg Daoil". Ná bac leó ars an sagart suidh síos tamaillín bheag". Dúbhairt an sagart arís féachaint air. D'féach sí, agus bhí na Dearg Daoil ag dul súas na fallaí. "Á, ná bac leó" ars an sagart, "agus ná bac leó." Rinne sí amhlaidh, agus núair d'féach sí san seómra an tríomhadh úair, ní raibh san leabaidh acht cnámha an fhir. "Bhuel" ars an sagart, "tá a chorp ag an Diabhail, acht tá a anam ag Dia."
- Informant
- Micheál Ó Seachnasaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Moyne, Co. Galway