School: Baile Nua (C) (roll number 16803)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 099

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 099

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (C)
  2. XML Page 099
  3. XML “Scéal - Mom Mór Caillte”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal - Mom Mór Caillte.
    Bhí fear in a chómhnuidhe sa gceanntar seo úair-amháin darbh ainm Séan Ó Conchubhair. Lá amháin bhí sé ag teacht abhaile ó'n dtráigh lé úalach learrach, agus chonnaic sé seacht gcat ina suidhe ar chlaidhe, agus |chonnaic| ceann acú ag cainnt. Seo é an rud a dúbhairt sé "A Sheáin Uí Conchubhair núair ghabhfas tú abhaile abair lé Mall Ruadh go bhfuil Mom Mhór caillte."
    Núair tháinig an fear abhaile thóg sé amach an capall agus chuir sé isteach sa stábla é. Chúaidh sé isteach annsin, chun a chuid taé a n-ól, agus thosuigh sé ag inseacht an sgéil dá bhean. Bhí sean-chat sa thighe aige agus níor eirigh sé as an lúaithre lé dhá bhlían, acht núair chúala sé go raibh Mom Mhór caillte, dhéan sé é féin trí h-úaire níos mó ná mar bhí sé, agus thug sé trí léam thar an leath dhorais, agus chúaidh sé amach. Níor chúala aon duine rud ar bith fé, agus ní fhaca aon duine é as sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Seachnasaigh
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Moyne, Co. Galway