School: Baile Nua (C) (roll number 16803)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 088

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 088

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (C)
  2. XML Page 088
  3. XML “Láir Bhaile Locha Riach - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Láir Bhaile Locha Riabhaigh
    Chúaidh fear as an gceanntar seo go Baile Loch Riabhach le capall do cheannacht. Shroic sé an baile riamh eirighe gréine. Bhí sé ag siubhal cois an locha núair tháinig láir bhreagh anios [> aníos] chuige agus searrach le na cois. Rug sé ar an láir agus anáirde ar a druim leis agus thiomáin sé abhaile í. Lean an searrach í
    D'fhan an láir leis an bhfear agus rinne shí a chuid oibre go maith. Tar-éis tamaill d'éirigh an fear saidhbhir agus í gcinn seacht mbliadhain chúaidh an fear go h-aonach Baile Locha Riabhaigh leis an láir céadna agus searrach óg eile le díol.
    Chuir sé faoí san mbaile an oidhche roimh an aonach agus d'fhág sé an láir agus an searrach i bpáirc an locha. Ag breachadh an lae ar maidin bhúail sé síos go dtí an páirc chun greim a fhághail ortha. Chonnaich an láir é ag teacht agus thug sí léim agus an searrach isteach ins an loch agus ní fhacha aoine íad as sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish