School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- Newtown, Co. Galway
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus sé an céud [> chéud] obair a rinneadh sé, ná ag caitheadh léam. Bhí sé inann dul go léam thar an teach ar a chúl agus ar a aghaidh. Ní raibh de saidhbris acú acht dhá caora agus dúbhairt Concúbhar lé na mháthair an lá seo go raibh na caoirigh gann i bhféar agus go gcaithfeadh sé dul a fasaoicht leó. "Cá mbeadh tú a' dhul leo a amadán ars an mháthair. Dúbhairt Concúbhar go rachadh sé isteach ar thalamh an duine-úasail. Dúbhairt an mháthair go mbeadh fearg air annsin acht dúbhairt Concúbhar go mba chuma leis. Ar maidin Dé Lúain d'eirigh Concúbhar agus rug sé caora faoi aon ascal leis agus d'eirigh sé go léam agus chúaidh sé isteach i gcoill an duine-úasal, agus lá ar na mbárach rinne sé an rud céadhna. Tháinic an sheepéar sráid chuige Dia Céadaoin agus dúbhairt sé lé Concúbhar go mbeadh fearg ar an mháighistear dá bfeicfeadh sé é ag déanamh an iomarca tresposs istigh ina gcoill. "Stop do bhéul" arsa Concúbhar, "agus bíodh cíall agat". "Bhfuil aon sgéul núadh agat seachas bheadh ag cainnt fúmsa agus mo chuid caora "Bhfuil tá sgéul agam," ars an sheepéar, "tá mo mháighistear lé beith ag déanamh cleamhnais san oidhce Diardaoin." "Bhfell má tá arsa Concúbhar maróchaigh mise ceann de's na caoirigh in(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Chatháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Lissaniska, Co. Galway