Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- Newtown, Co. Galway
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 062
- XML “Seán Tincéir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean lánamhan ann fadó Seán agus Eilís. Lá amháin dubhairt Seán le na mnaoi beile a fhághail dhó go raibh sé le dul go Cille Dara ag tóruigheacht oibhre. Ghléas Eilís béile dhó agus chuir sí bríste mhaith ghlan air. An lá in a dhiaidh sé thosuigh Seán ar an bealach. Bhí sé ag siubhail nó gur shrois sé droicheadh Baineadh truisle as agus ar sé, "go mbrisidh an diabhal mo mhuinéal nuair a ghabhas mé an bhealach seo arís", Niorbh fhada gur shrois sé Cill Dara agus shochruigh sé le feilméar annsin. Cúig púnt san mbhliadhain a fuair sé ón bhfeilméar act níor íarr sé act an méid is chuireadh éadaigh air. In dhiaidh ceithre bhliadhna dubhairt Séan le fear an tíghe go rachadh sé abhaile. Sé an tuarastal a bhí le fághail aige annsin na cúig púnt deag. Níor chaith sé acht chúig púnt ar a cuid éadaighe.
Lá ar na bárach gléas Seán e féin le dul abhaile. Bhí sé ag siubhail nó gur tháinig sé go cros bhóthar. Casadh duine bocht leis annsin an d'iarr an fear déirce ar Seáin, in onóir do Dia is do Mhuir. Thug Seán cúig púnt dó agus nuair a bhí sin déanta dubhairt an fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Giolla na Áth
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Lissaniska, Co. Galway