School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 051

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 051

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 051
  3. XML “Liosanna agus Ráthanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá trí liosanna sa gceanntar seo, ceann i bPaddock, ceann i gColurtie agus ceann eile ín Abbert. Cuma cruinn atá ortha go leír agus tá ceann aca faoí talamh. Níl mórán eolais ag na daoine fútha act tá cuid mhaith sgéalta in a dtaoibh.
    Tá ceann ana dheas i ngabhaltas "Hayes". Deirtear gur mabhuigheadh sídheóg san aít agus thóg na sídheóga eile claidhe timcheal air. Gach aon oidhche in a dhiaidh sin théigheadh na sídheóga ag rinnce timcheall an claidhe agus ba ghearr go raibh trinse mór déanta acú. Tá sgeach ag fás í lár an leasa agus deirtear gur faoí an sgeich sin atá an sideog curtha. Ar airgeadh an domhain ní threabhadh nó ní reabadh aoinne an lios sin, cé nár connactas aon rud nó solus ann aríámh.
    Tá lios eile i ngabhaltas "Sionnac". Deirtear gur cailleadh cailín ó'n aít agus gurab iad na sídheóga a thóig i. Oidhche amháin chuaidh sí isteach i dteach agus labahair sí le fear a bhí in a leabhaidh, agus meireach é bheith in a dhúiseact bheadh sé sguabhta aicí isteach san lios. Tá dá claidhthe tógtha timcheall an leasa agus tá trí sgeach geal in a láir. Baintear usaíd as na liosanna fós. Cuirtear naoidheanáin a cailleadh roimh báisteadh ionnta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish