School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 049
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an tam is mó pósann an daoine san bparóiste seo ó'n Eanar go Máirt na hInide. Ní pósann daoine Dia Lúain agus Dia hAoine ná lá na leanbh no an tríomhad lá déag de gach mí. Deirtear go bhfuil na laethe sin mí rathmhar. Ní pósann daoine i mhí Bealtaine. Bíonn feóil dá chaitheamh in gach tígh Máirt na hInidhe.
    Déantear cleamhnaisí sa gceanntar seo go fóill. Téigheann beirt fhear ag iarraidh an chailín go teach a hathar, agus tugann siad buidéal fuisge leó. Muna bfuigheann siad an eiteach socruigheann siad ar an spré. Cúpla lá in a dhiaidh sin cuireann an cailín teachtairí ag féachaint ar gabhaltas an fhir óig. Má bhíonn siad sásta leis téigheann muinntear an chailín agus muinntear an fhir óig go baile mór agus déanann síad connradh in oifig dlígheadóra.
    Bhíodh "Runaway Matches" sa gceanntar seo. Is amhlaidh dá mbeadh athair an fear óig mí shásta leis an cailín a bhíodh an fear le pósadh sgúabadh an fear óg an cailín leis go teach carad agus phósadh sé í. Bheadh náire annsin ar an tathar agus leigeadh sé isteach an lanamhán.
    I gcairt is mó a théigheadh na daoine go dtí an séipéil acht úaireannta théigeadh a[n]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish