School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 040

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 040

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 040
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chómnuigh mo shean athair i dtigh beag in aice le Cnoc Ruadh. Tuairim is fiche bliadhain ó shoin thuit an capall áluinn a bhí aige tinn. Oidhche amháin d'fhan mo shean-athair in a suidhe ag faire ar an gcapall.
    I lár na h-oidhche d'fosgladh an doras agus tháinig marcach ruadh isteach agus fuipín in a láimh aige. Gan focal a rádh le mo shean-athair shiubhal sé anonn go dtí an cúinne, thóg sé an srían a bhí crochtha ar an mballa agus amach leis.
    "Tá mo chapall marbh arsa mo shean-athair in a aigne féin". D'imthigh sé amach chun é a fheiceál acht mo léan bhí an capall sínte marbh ar an urlár.
    Duine de's na sídheóga as Cnoc Ruadh a tháinig agus an capall do ghoid leis mar bhí sé ag teastáil go géar uathu.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Mac Conraoi
    Gender
    Male
    Address
    Oakwood North, Co. Galway