School: Baile Nua (B) (roll number 9607)

Location:
Newtown, Co. Galway
Teacher:
Peadar P. Mac Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua (B)
  2. XML Page 017
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Rí ann fadó agus ní raibh aige acht aon inghean amháin agus bhí sí fé draoidheacht aige. Ní thíubhradh sé do áon fhear í nach mbéadh in ann trí gaisgh a dhéanamh. Bhainfeadh sé an ceann do áon fhear a diarach mach mbeach in ann na gaisceanna sin a dhéanamh. Bhí go léor fir marbh aige annsin agus an lá seo tháinigh búacháill aimsire agus dúbhairt sé go ndéanadh sé féin iad agus chúaidh sé chuig an Rí agus díarr sé a in-geann air agus dúbhairt sé go dtaubradh sé a ingean (ag) acht go gcaitadh sé an cnoc gainimh atá annsin thíos leis a caitheamh amach ar an bhfairrge leis an slúasadh. Thugh an Rí súasa dhó annsin agus núair a chaith sé amach slúasadh don gainimh tháinigh trí slúasadh gainimh isteach in a mhulach agus núair a chait sé slúasadh gainimh isteach in a dhíadh agus an thríomadh slúasadh a caith sé amach tháinigh naoi slúasadh gainimh isteach. Suidhe sé síos annsin go bronach agus ní raibh sé an a fhada in a shuidhe núair a tháinig ingeann an Rí thart agus díarr sí de ceard a Séain agus dinnis sé a scéal dí agus dúbhairt sí leis gan a beith bronach. Rug sí ar an slúasad agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Informant
    Pádhraic Ó Briain
    Gender
    Male
    Address
    Glennaveel, Co. Galway