School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 605
- XML “An Leasmháthair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tharraingt amach chuaidh an sgeach i bfastadh innti. Chuaidh a h-inghean ag iarraidh í a tharraingt amach acht chuaidh sí sin í féin i bhfastadh ann. Bhí an cailín beag eile imthighthe an fhad is a bhíodar ag iarraidh iad féin a sgaoileadh.
Nuair a fuair siadsan iad féin sgaoilte chuaidheadar abhaile acht chuaidh an cailín eile ag tóraidheacht foirtúin.
Casadh isteach i dteach í nach raibh ann acht cailleach.
D'fhiafhruigh an cailín dhí ar teastuigh cailín aimsire uaithí.
Dubhairt sise gur theastuigh.
D'fhan an cailín léi annsin agus chuir an chailleach amach lá'r na bhárach í ag iarraidh. lán séathláin d'uisge.
Chuaidh sí go dtí an tobar agus líon sí an séathlán cúpla uair agus annsin thosuigh sí ag caoineadh nuair ná'r choinnigh sé an t-uisge. Annsin tháinig na h-éanacha a chothuigh sí agus líonadar di é agus níor thuit deóir amháin as.