Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chiaráin
- XML Leathanach 093
- XML “An Fáinne Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbeadh solus ag teacht as, a thabhairt chuige. D'innis sé do'n ghasúr cé'n áit ann a raibh sé fágtha.
Chuaidh an gasúr síos, agus faoi cheann sgathaimh, bhí sé istigh i h-alla mór. Bhí an áit lán le fáinní agus 'chuile shórt seóda luachmhara, ór agus airgead. D'fhan an buachaill go raibh a phócaí lán le gach saigheas aca siúd, agus níor dearmad sé an fáinne a dúbhairt an t-oncail leis a thabhairt chuige.
Bhí an buachaill ag déanamh a bhealaigh nó go raibh sé leath-mharbh ag siúbhal, agus ualach mór seóda aige d'á n-iomchur. D'iarr sé ar a oncail é a tharraingt suas. "Tabhair'm an fáinne," arsan t-oncail. "Ní'l mé i ndon é do thabhairt dhuit go dtéigh mé suas," arsan gasúr.
Tháinig fearg ar an oncail agus séard a rinne sé an chloch a chur in-a h-áit féin arís agus an gasúr a fhágáil faoi'n talamh. Thosaigh an gasúirín ag caoineadh agus faoi cheann sgaithimh thug sé faoi deara an fáinne ag glioscarnach.
Thosaigh sé 'ghá chuimilt ionnús go mbeadh tuille soluis aige agus céard a d'fheicfeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Nuala Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. Galway