School: Cill Chiaráin

Location:
Kilkieran, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Mac Aoidh

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
An Fáinne Draíochta

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 092

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear agus bean ann ins an t-sean-aimsir, agus bhí mac amháin aca. Cailleadh an t-athair nuair a bhí an mac in-a pháiste.
Lá amháin chuir an mháthair an gasúr beag ar theachtaireacht agus ar a bhealach abhaile casadh fear air.
D'fhiafruigh an fear dhe cé dhá'r dhíobh é, agus d'innis an gasúr dhó.
Ba é an fear seo dearbhráthair an fhir a bhí caillte agus ba é oncail an ghasúir é.
Chuaidh an t-oncail go dtí teach na baintrighe agus bhí sé ag gol le brón nuair a chuala sé go raibh a dhearbhráthair caillte.
D'fhan sé an oidhche seo i dteach na baintrighe, agus ar maidin d'iarr sé ar an ngasúr dul i néinfeacht leis féin agus go mbeadh neart airgid le fagháil aige. Chuaidh.
Ní rabhadar i bhfad ar bhealach nuair a casadh in-a mbealach cloch mhór.
Thóg an t-oncail an chloch agus bhí poll mór fúithe.
Dúbhairt an t-oncail leis an ngasúr beag a dhul síos ann agus fáinne óir a

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Raghallaigh
Gender
female
Age
14
Address
Kilkieran, Co. Galway
Informant
Nuala Bhreathnach
Gender
female
Age
56
Address
Kilkieran, Co. Galway
Language
Irish