School: Cill Chiaráin

Location:
Cill Chiaráin, Co. Galway
Teacher:
Nioclás Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 087

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0009, Page 087

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chiaráin
  2. XML Page 087
  3. XML “An Buachaill a Fuair a Shaibhreas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill ann é féin agus a mháthair lá amháin chuir a mháthair ag an siopa é, ag iarraidh chloc-phlúir agus thug sí bosga dhó. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile d'fhuadaigh an ghaoth an plúr as an mbosga thosuigh sé ag chaoineadh. Casadh firín beag dó agus thug sé éadach buird dhó, "agus dubhairt leis, nuair a gabhfhadh sé abhaile, an t-éadach buird a leagan ar an mbord agus go mbeadh 'chuile shórt dá fheabhas aige.
    Ar a bhealach abhaile chuaidh sé isteach i dteach a aintín agus d'innis sé dá aintín fao'n sgéal, dubhairt sise leis an t-éadach a leagan ar an mbord agus leag amach le triúr ban óga agus leag chuile short dá fheabhas anuas air an mbord, annsin d'ith sé fhéin agus a aintín a ndóthain.
    Nuair a bhíodar réid dubhairt an tsean-bhean leis an ngasúr a dhuil amach agus na caoirigh a chuir as na fataí.
    Chuaidh an gasúr amach agus nuair a fuair sise imthighthe amach é chuir sí an t-éadach draoidheacht i bhfolach air agus nuair a tháinig sé isteach thug sí éadach eile dhó.
    Nuair a chuaidh sé abhaile dubhairt sé le na mháthair go raibh a shaidhbhreas aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Níadh
    Gender
    Female
    Address
    Coill Sáile, Co. Galway